hello@ga.conceptdairy.com
Concept DairyConcept DairyConcept DairyConcept Dairy
  • Fúinn
  • Feirmeoirí
  • Uachtarlanna
  • Ceannaitheoirí Táirgí Bainne
  • Earnáil Chorparáide
  • Marthanacht
  • Déan Teagmháil Linn
  • GA
    • AR
    • DE
    • EN
    • FR
    • PT

Ár Scéal

Tar éis 15 bliana rathúla a chaitheamh sna margaí fuinnimh agus trádála i Londain, iarradh ar Diarmaid, ár mBunaitheoir, bogadh isteach i saol an bhainne chun cuidiú le feidhm trádála agus bainistiú fiontar margaidh a bhunú do Chomharchumann mór táirgí bainne idirnáisiúnta.

Lena bhlianta taithí ar ilearraí tráchta thuig Diarmaid go bhfuil go leor deiseanna chun méadú agus feabhas a chur ar mhodhanna oibrithe tionscal an bhainne.

Bhíodh an dá cheist chéanna á chur ag Diarmaid:

Red Glasses

An bhfuil drochmhargadh á fháil ag feirmeoirí le costas bainne atá ag athrú gan rialtacht?
Tá.

Red Glasses

An bhfuil an milleán ar na h-uachtarlanna?
Níl.

Bunaíodh Uachtarlanna (Próiseálaithe nó Comharchumainn) chun bainne a rith, ní chun tráchtearraí a dhíol.  Ach ó cuireadh deireadh le cuótaí bainne an AE sa bhliain 2015 tá an earnáil bhainne domhanda an-luaineach agus b’éigean d’Uachtarlanna dul i dtaithí ar choinníollacha nua an mhargaidh.  Le blianta beaga anuas, b’éigean d’Uachtarlanna dul in oiriúint d’fhailleanna nua trádála agus ag an am céanna iarracht a dhéanamh freagairt do dhúshlán an mhargaidh.

Is beag smacht atá ag feirmeoirí ar chostas a gcuid bhainne; dá bhrí sin tá tionchar ar gach ardú agus ísliú in aimsir an iar-cuóta orthu.

Is minic nach bhfuil praghas seasta le fáil ag an bhfeirmeoir ar a chuid bhainne.  Agus a lán feirmeacha ag oibriú ar chuing mheá, is mór an tionchar a d’fheadfadh teacht as ísliú beag sa phraghas chun todhchaí na feirme aige agus slí bheatha an fheirmeora a chosaint.

Ag an gceann eile den slabhra soláthair, tá ceannaitheoirí bainne ag iarradh táirgí a cheannach ar chostas atá cóir agus seasta.  Tá siad géilliúil do guagaíl an mhargaidh freisin agus ní mór doíbh deileáil le costasaí ag éirí agus gan acu chun phriacail an phraghas agus luaineacht an mhargaigh a stiúrú dóibh féin.   

Ní gá go n-oibreodh an tionscal bainne ar an bhealach seo.

Tá dúil ag Concept Dairy leis an tionscail bainne a athrú ó bhonn agus páirc imeartha fónta a thógail ina mbeidh: rogha ag feirmeoirí a praghas a shocrú, saoirse ag uachtarlainne áiseanna a dhíriú ar an dtáirgeacht seachas luachanna margaigh, agus, éifeachtacht agus fiúntas a thabhairt don cheannaitheoir.

Farmer in field on iPad with his cows joining him

Ag cur praghas an bhainne
faoi smacht an fheirmeora

Ag cabhrú le h-uachtarlanna i
dtuiscint agus i mbainistíocht a bpriacail

Ag tabhairt tacaíocht don cheannaí
chun a phraghas a shocrú ar a thoil féin

An Coincheap atá againn

Tá Concept Dairy bunaithe ar an soiléireacht, an éifeachtúlacht agus an neamhspleáchas:

An soiléireacht  :  Is  beag soiléireacht atá sa margadh faoi láthair. Tá bród ag Concept Dairy as an mbealach soiléir is trédhearcúil a dhéanaimid ár ngnó.  Mínímid an margadh faoi mar atá sé.

An Éifeachtúlacht :  Is furasta ardán Concept Dairy a úsáid agus ceadaíonn a ardchaighdeán duit smacht ar do chostais, do cheannachán is d’fhiontar margaidh.

An Neamhspleáchas  :  Tá Concept Dairy go h-iomlán neamhspleách.  Ciallaíonn sé sin go bhfuil ár bpraghsanna cothrom, soiléir agus socraithe ag an margadh.  Ní féidir le páirtí ar bith praghsanna a chúbláil.  Cuidímid leat smacht a fháil – tusa a shocraíonn do chostas a dhaingniú nuair is mian leat agus is féidir é a dhéanamh am ar bith.

Is mian linn go mbeidh an tionscal bainne is fearr againn uile.

Déan TEAGMHÁIL LINN
Happy farmer recording data of her cows on her iPad

Firíní an Thionscail

0
Bhilliún € – luach iomlán an thionscail bainne domhanda.
0
Mhilliún Mt – Meáchan na n-earraí bhainne don tionscal lastála
0
Oiread mhéadú an daonra domhanda roimh na bliana 2050 = méadú éilimh
0
Bhilliún feirmeoir bainne ar fud an domhain mhór.

Seo agat ár bhFoireann

Dúil is Dianobair don Bhainne is Deise

  • Baile
  • Fúinn
  • Feirmeoirí
  • Milk Processors
  • Ceannaitheoirí Táirgí Bainne
  • Earnáil Chorparáide
  • Marthanacht
  • Déan Teagmháil Linn
  • Privacy Policy
© 2020 Concept Commodities Ltd | All Rights Reserved | Website by Glimpse Media
  • Fúinn
  • Feirmeoirí
  • Uachtarlanna
  • Ceannaitheoirí Táirgí Bainne
  • Earnáil Chorparáide
  • Marthanacht
  • Déan Teagmháil Linn
  • GA
    • AR
    • DE
    • EN
    • FR
    • PT
Concept Dairy