“Mar gariníon fheirmeora bainne, tá sé thar a bheith tábhachtach dom réiteach a chruthú agus a chur chun cinn chun go mbeadh geilleagar slán ag feirmeoirí. Tá éilimh móra ar fheirmeoirí le rialtais ag brú orthu bheith saor ó astaithe, ach níl duine ar bith ag tabhairt cabhair do na feirmeoirí teacht ag an staid sin. Tá páirt faoi leith ag Concept Dairy dóibh anseo. Tabharfaidh muid faoiseamh do na feirmeoirí i dtaobh na h-éilimh eacnamaíoch atá orthu agus ligfeadh sé sin dóibh infheistiú a dhéanamh chun coimeád an dúlra agus an sochaí a chur chun cinn.”
Is Co-bhunaitheoir Concept Dairy í Jacqueline Fitzgerald. Tá an stratéis, an mhargaíocht agus aiseanna daonna faoina coimirce. Tá taithí ollmhór aici sa dhíolachán, sa mhargaíocht agus sa stratéis agus í ag obair le tionscnaimh móra mar Cancer Research UK, áit a bhí sí i bhfeighil fheachtas £128 mhilliúin le aonad nua don taighde eolaíochta a bhunú, agus, i Músaem Stair an Dúlra i Londain, áit a bhí sí ag plé le tionscadail ar bhonn slándála an tsoláthair bia, an mharthanachta agus an tionchair timpeallachta ar an Domhan mór.